Gaeilgeoir Guides
Aimsigh sampla de..
An online resource to help you practice identifying grammar elements in text.
1 / 12
Aimsigh sampla d'ainmfhocal baininscneach sa tuiseal ginideach uatha
Tagann cathú orainn ar fad na rúin a ligean le sruth tar éis tamaill nó buaileann leisce muid. Bhí ansmaoineamh sin a bhí agam anuraidh níos lú éadaigh a cheannach go maith fad is a mhair sé achamanna is deacair diúltú don sladmhargadh nó do dhearadh álainn i gcónaí.Ach tosóidh muid bliain nua lán le dea-rúin agus beimid dóchasach go n-éireoidh linn cloí le cuidacu ar a laghad. Rúin atá simplí agus indéanta atá ar intinn agam féin arís i mbliana agus mé meáitegan iad a bhriseadh an uair seo.RÚN 1. Ó chomhlachtaí dúchasacha a cheannóidh mé oiread agus is féidir liom i mblianaIs dócha gur chuir srianta na dianghlasála le linn na bliana seo caite ina luí orainn ar fad chomhtábhachtach agus atá sé tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí agus do shiopaí na hÉireann, goháirithe do chinn bheaga neamhspleácha. Tá dearthóirí agus brandaí faisin iontacha againn anseoin Éirinn agus tá a gcuid táirgí ar fáil i siopaí agus ar líne. Deirtear go bhfuil níos mó airgidcnuasaithe agus i dtaisce ag cuid mhór daoine anois ná mar a bhí le fada cheal deiseanna é achaitheamh le bliain anuas. Tá rún daingean agam féin níos mó de mo chuid airgid a chaitheamh sambaile in Éirinn le linn 2021.
2 / 12
Aimsigh sample d'Ainm Briathartha.
Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann céad bliain ó shin, bhí athbheochan cultúir ag fréamhú ar fud na tíre ag an am céanna. Bhí obair ar siúl ag Conradh na Gaeilge ón mbliain 1893 chun an Ghaeilge agus an fhéiniúlacht chultúrtha a chur chun cinn. Cuireadh craobhacha den Chonradh ar bun ar fud na tíre agus bhíodh an Ghaeilge, an ceol agus na rincí Gaelacha á múineadh sna craobhacha sin. Thionóil siad Féile an Oireachtais gach bliain ón mbliain 1897, agus bhíodh comórtais cheoil agus amhránaíochta ar siúl ag an bhféile sin. Bunaíodh Coimisiún Béaloideas Éireann i 1935 chun béaloideas agus oidhreacht chultúir na tíre a bhailiú sula rachadh siad i léig. Duine de na bailitheoirí ceoil ba ea Séamus Ennis. Thaistil sé ar fud Iarthar na hÉireann idir na blianta 1942 agus 1947 agus bhailigh sé taisce mhór den cheol a bhí beo i mbéal na ndaoine.
3 / 12
Aimsigh sample de bhreischéim na haidiachta.
Fad a bhí Máire ag obair in Institiúid Ard‐Léinn Bhaile Átha Cliath, mhol a hathair di cúrsa staidéir a dhéanamh in Óstaí an Rí le bheith ina habhcóide, rud a rinne sí. Glacadh le Máire mar abhcóide i 1944. Ní dheachaigh sí leis an dlí mar ghairm bheatha riamh, áfach, mar nach raibh mian a croí ann. Bhí níos mó suime aici i gcúrsaí litríochta agus sa saol acadúil. Faoin bhfómhar 1945, bhí an cogadh thart ar an Mór‐Roinn agus bhí deis ag Máire sa deireadh dul go dtí an Institut des Hautes Études en Sorbonne i bPáras chun an cúrsa léinn sna Teangacha Ceilteacha a dhéanamh. Nuair a d’fhill sí abhaile, rinne sí scrúdú oscailte iomaíoch na Státseirbhíse. Ba é an toradh a bhí ar an scrúdú sin ná gur ghnóthaigh sí an dara háit ann agus ceapadh í mar oifigeach riaracháin sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, an chéad bhean a earcaíodh sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an dóigh sin. Chaith sí seal ina taidhleoir sa Fhrainc agus ina rúnaí ambasáide i Maidrid na Spáinne. Bhí sí ar dhuine den bheagán taidhleoirí mná a bhí i seirbhís taidhleoireachta na tíre seo ag an am sin. Nuair a d’fhill sí ar Bhaile Átha Cliath, chaith sí trí bliana ar an bhfoireann a chabhraigh le Tomás de Bhaldraithe Foclóir Béarla‐Gaeilge a chur le chéile. D’fhill sí ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha ansin agus bhí sí ina ball de thoscaireacht na hÉireann go dtí na Náisiúin Aontaithe idir na blianta 1957 agus 1960.
4 / 12
Aimsigh sampla d'anmfhocal sa tuiseal ginideach iolra.
Bhí mé in mo shuí uair amháin taobh le hUachtarán Chumann Lúthchleas Gael.Ócáid cheiliúrtha a bhí ann – an clár teilifíse Réaltaí Spóirt na Bliana nó a leithéid, a bhí áthaifeadadh in RTÉ.Thosaíomar ag caint – ach ní faoin GAA a labhair muid. Príomhoide scoile a bhí in Liam Ó Néillagus scoil bheag tuaithe faoina chúram – Gaelscoil Thromaire i gcontae Laoise. Anois óchuimhním i gceart air – ceapaim gurb é an fáth ar thosaigh muid ag caint ar an scoil ná gur chuirseisean i gcuimhne domsa go ndearna mé clár teilifíse ina scoil am éigin sna hochtóidí.Ach cuimhním ar Liam Ó Néill go minic le naoi mí anuas mar gheall ar rud a dúirt sé liom anoíche sin. Ní raibh aon chaint ar phaindéim ná ar víreas de chineál ar bith ag an am.Ach d’inis sé dom, agus d’fhan sé i mo chuimhne, gur chuir sé féin an ruaig ar an slaghdán, anfliú agus gach aon víreas dá leithéid as a scoil.‘Agus cén chaoi a ndearna tú é sin?’ a d’fhiafraigh mise de. Dúirt sé liom gur chuir sé riaildhaingean i bhfeidhm sa scoil – go gcaithfeadh dalta ar bith a rinne casacht nó sraothartach, nó achuir lámh nó méar in aice lena shrón, a lámha a ní ar an bpointe.Dúirt sé liom nach ndearna sé aon eisceacht ná nár ghlac sé le haon leithscéal – má leag tú méar ardo shrón, b’éigean duit do lámha a ní.Agus mhaígh sé gur chuir sé deireadh le slaghdáin agus a leithéid i measc na ndaltaí.
Chuimhnigh mé air nuair a chuala mé go bhfuil laghdú suntasach tugtha faoi deara le tamall i líonna ndaltaí scoile atá buailte le tinneas ar nós an ghnáthshlaghdáin.
5 / 12
Aimsigh sampla den Aidiacht Shealbhach thíos
6 / 12
Aimsigh sample d'Ainmfhocal Bainiscneach sa Tuiseal Gnideach Uatha
I mBaile Átha Cliath a rugadh Máire Mhac an tSaoi ar an 4 Aibreán, 1922, an duine ba shine de thriúr clainne. Throid a hathair, Seán Mac an tSaoi, in Éirí Amach na Cásca i 1916. Duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil sa bhliain 1926 ba ea é agus bhí sé ina Aire Airgeadais i rialtas de Valera. Múinteoir agus léachtóir ollscoile ba ea a máthair, Margaret. D’fhreastail Máire ar Scoil Alexandra agus ina dhiaidh sin, ar Loreto Beaufort i Ráth Fearnáin. Tar éis di an Ardteistiméireacht a dhéanamh i 1938, rinne sí staidéar ar an Léann Ceilteach agus ar Nua‐Theangacha in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhí cumas intleachta as an ngnách i Máire mar bhuaigh sí an Scoláireacht Taistil sa bhliain 1942, an gradam ba mhó a bhí á thairiscint ag an Ollscoil Náisiúnta do mhic léinn ag an am. Bheartaigh sí dul go dtí an Institut des Hautes Études en Sorbonne i bPáras chun staidéar a dhéanamh ar na teangacha Ceilteacha.
7 / 12
Aimsigh sampla de bhriathar sa Mhodh Coinníollach san alt thíos;
Bíonn sé de nós ag daoine ag deireadh gach bliana súil siar a chaitheamh ar an mbliain atá díreach imithe thart, ar na mórscéalta nuachta a bhí i mbéal an phobail, ar na laochra a rinne éachtaí agus ar na daoine a d’imigh ar shlí na fírinne. Is le paindéim an choróinvíris a bhain cuid mhaith den chaint a rinneadh faoin mbliain 2021. Bhí neart scéalta ceiliúrtha i réimsí éagsúla de shaol na tíre freisin. Bhí brón ar dhaoine i ngach cearn den tír nuair a fuair beirt de mhórphearsana liteartha na tíre, Máire Mhac an tSaoi agus Brendan Kennelly, bás an deireadh seachtaine céanna i mí Dheireadh Fómhair 2021. Nuair a cailleadh Máire Mhac an tSaoi, dúirt an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn, go raibh sí ar dhuine d’fhilí ceannródaíocha na Gaeilge san fhichiú haois. Luaigh sé an paisean tógálach a bhí aici don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta ar feadh a saoil. Foilsíodh ailt in irisí agus i nuachtáin in ómós do Mháire Mhac an tSaoi. Sna hailt sin, moladh í mar thaidhleoir, mar scoláire, mar scríbhneoir agus mar aistritheoir. Dúradh go mairfeadh a cáil mar bhean liteartha i bhfad i ndiaidh na haoise seo.
8 / 12
Aimsigh sampla d'Aidiacht bhriathartha.
Tá an phíb uilleann agus an chruit ina ndlúthchuid de cheol na hÉireann. Faoi na 1960idí, bhí traidisiún na píbe uilleann i ndeireadh na feide. Ní raibh ach fíorbheagán píobairí in Éirinn agus níos lú fós, b’fhéidir cúigear, ag déanamh na huirlise. Bhí baint ag an bpíobaire uilleann, Liam Óg Ó Floinn, ball den ghrúpa Planxty, leis an bhfás mór a tháinig ar cháil na píbe uilleann. Bhí seisean i measc bhunaitheoirí an chumainn, Na Píobairí Uilleann, sa bhliain 1968 agus é mar chuspóir acu ceol na píbe uilleann a athbheochan. Tá ré nua tagtha orainn anois.
9 / 12
Aimsigh sample de bhriathar saor san aimsir chaite.
10 / 12
Sampla amháin d’fhorainm réamhfhoclach
Ní raibh sé róthógtha leis na mná ina óige. Mar a déarfá, níor bhuail an galar i gceann a ochtmbliana déag é mar a bhuaileas sé a lán eile agus níor amharc sé go maith. Chan á rá nach raibhcroí ina chliabh a bhéarfadh searc do achan mhnaoi. Ach ní raibh dul aige an ceann ceart a chastáildó. Is iomaí uair a chuir sé cailíní na mbailte sna meáchain, ina intinn féin,bean i ndiaidh na mnáeile. Ach bhí siad uilig éadtrom. Ach nuair a casadh Máire air, níor chuir sé sna meáchain í archor ar bith.
11 / 12
Aimsigh sample d'ainmfhocal firinscneach sa tuiseal ginideach uatha.
Duine de mhórphearsana an cheoil in Éirinn sna seascaidí ba ea Seán Ó Riada. Chuir Ó Riada cóiriú nuálach ar an gceol traidisiúnta sa scannán Mise Éire nuair a chóirigh sé foinn thraidisiúnta agus amhráin sean‐nóis do cheolfhoireann shiansach. Bhunaigh sé an grúpa Ceoltóirí Chualann sa bhliain 1960. Buíon de cheoltóirí traidisiúnta ar mhó a cosúlacht le ceolfhoireann bheag ná le banna céilí a bhí sa ghrúpa. D’aimsigh Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann bealach nua leis an gceol traidisiúnta a chur i láthair an phobail. Bhí meascán uirlisí acu agus chuir siad béim ar gach uirlis go haonarach chomh maith leis na huirlisí a bheith á seinm i dteannta a chéile, rud nach ndearnadh roimhe sin. Lean grúpaí eile nós Cheoltóirí Chualann ina dhiaidh sin sna seachtóidí agus sna hochtóidí, The Chieftains ina measc. Chuir The Chieftains ceol traidisiúnta na tíre seo i láthair lucht féachana nár chuala riamh cheana é nuair a chuaigh siad ar camchuairteanna ar fud an domhain. Rinne siad taifeadtaí ceoil i gcomhpháirt le ceoltóirí idirnáisiúnta, The Rolling Stones san áireamh, agus thuill siad clú idirnáisiúnta leis na fuaimrianta a rinne siad do scannáin mhór‐ráchairte.
12 / 12
Aimsigh sampla d'anmfhocal san uimhir iolra
Your score is
Restart quiz
Please rate this quiz